Bí Linn

Fáilte go dtí an Pobal Seachas Brabús

Tá an Pobal Seachas Brabús ar an phairtí éiceashóisialach is mó in Éirinn, thuaidh agus theas.

Eagraíonn muid in achan phobal i dtreo físe a thugann tús áite don chosmhuintir thar bhrabús na mbilliúnaithe.

Tá an domhan thart orainn corrach, lán éagóracha. Níos mó ná riamh tá guthanna agus gníomhaithe sóisialacha de dhíth, le bheith ag troid in éadan na bunaíochta in Éirinn, ar an dá thaobh den teorainn.

Bí linn agus imir ról lárnach sa ghluaiseacht in éadan an chaipitleachais, in éadan na críochdheighilte, ar son Éire éiceashóisialach.

Ballraíocht a ghlacadh leis an Phobal Seachas Brabús, cuirfidh sin ar do chumas an páirtí a mhúnlú agus a stiúradh don todhchaí.