Aire Gaeltachta Gan Ghaeilge, Gan Náire

I mí Iúil 2014 bhí agóid ann faoi cheapachán Joe McHugh mar Aire Stáit Gaeltachta nuair nach raibh Gaeilge líofa aige. Is é Conradh na Gaeilge a d’eagraigh an agóid agus bhí freastal breá air.

I measc an tslua bhí fear aitheanta, ceannaire Fhianna Fáil, atá anois ina Thaoiseach, Micheál Ó Máirtín. Ó tharla é bheith ar an agóid, shílfeá gur aontaigh an Taoiseach le dearcadh a nocht ball eile dá pháirtí, an Teachta Dála Thomas Byrne, faoi cheapachán McHugh: “Seafóid!”

Sé bliana ar aghaidh agus tá rud aisteach i ndiaidh tarlú: tá cúraimí Gaeltachta tugtha do dhuine eile gan Gaeilge líofa. Sa chás seo, phioc Micheál na n-agóidí fear óg darb ainm Jack Chambers, fear a tharraing aird air féin nuair a phléasc sé, lán feirge, in aghaidh Claire Byrne agus í ag cur ceisteanna bunúsacha air. Caithfidh go raibh dallamullóg ar Mhicheál bocht faoi abhár na hagóide in 2014.

Ach ‘sé Chambers féin a bhí ag iarraidh an dubh a chur ina gheal orainn ar Twitter aréir nuair a rinne sé iarracht comhghairdeachas a dhéanamh i nGaeilge le buaiteoir Staid an Champs-Elysées, Sam Bennet.

Nó an bhféadfá iarracht a thabhairt air fiú? Ba léir ón bpraiseach a rinne sé nach raibh déanta aige ach aistriúchán ar Google a dhéanamh agus é a chaitheamh in airde:

This image has an empty alt attribute; its file name is Jack-Chambers-Gaeilge.jpg

Nach raibh éinne san oifig ag Aire na Gaeltachta le seiceáil a dhéanamh air? Agus €1.5 milliún caite ag an rialtas ar chomhairleoirí speisialta, nach raibh duine ná deoraí san áit a dhéanfadh cogar leis – “Haigh Jack, b’fhéidir gur cheart do dhuine éigin súil a chaitheamh ar sin sula gcuirfidh tú suas é.”

Maitear botúin. Maitear foghlaimeoirí. Ach seo aistriúchán ar Ghoogle. Ó Aire na Gaeltachta.

Ar ndóigh, fiú dá labharfadh Jack Chambers sa Ghaeilge is binne dár chualathas riamh, ní bheadh sé ina cheapachán maith. Dá labharfadh an tAire a tháinig roimhe, Josepha Madigan, go líofa i nGaeilge, ní bheadh sise ina ceapachán maith.

Nó bheadh siad beirt fós ina nualiobrálaithe móra, dílis don chóras cruálach atá ag fágáil daoine gan dídean fud na tíre, agus dílis dá bpáirtithe a chothaíonn an córas céanna sin ar bhonn laethúil. Bheadh Chambers go fóill ina fhuathaitheoir ban, agus bheadh Madigan go fóill ciníoch i leith Taistealaithe.

Ach ní hé sin le rá gur cuma nach bhfuil Gaeilge líofa ag Chambers ná ag cibé duine a roghnófar i ról an Aire Gaeltachta sa todhchaí.

Ní féidir le haon Aire Gaeltachta polasaithe cuí a chur i bhfeidhm mura dtuigeann siad teanga labhartha an phobail lena bhfuil siad ag plé. Níl sé de chumas acu riachtanais agus mianta na bpobal Gaeltachta a thuigbheáil i gceart. Ba léiriú é ceapachán Chambers sa ról seo nach bhfuil todhchaí na Gaeltachta tábhachtach ar chor ar bith don rialtas seo.

Is é an cur chuige céanna é atá ag croílár rialtais i ndiaidh a chéile. Cur chuige a spreagann bánú na tuaithe, easpa fostaíochta, géarchéimeanna tithíochta, sláinte agus aeráide, agus scannal na n-ionad soláthair dhírigh. Is cur chuige é a chuireann éilimh réasúnta phobail Ghaeltachta na tíre ag bun an liosta.

Ba chóir don rialtas cúraimí Gaeltachta a thabhairt do dhuine a bhfuil Gaeilge aige nó aici, agus ba chóir go mbeadh an duine sin ina Aire nó ina hAire sinsearach. Is bunéileamh é sin, agus tá sé go hainnis gur ghá é a éileamh sa chéad dul síos.

Ach ní réiteoidh Airí na heite deise, is cuma cén teanga atá acu, na dúshláin mhóra atá roimh mhuintir na Gaeltachta. Tá Pobal Seachas Brabús soiléir ar an cheist seo: ní gaiscíoch, i bhfoirm Aire ná aon duine eile, atá de dhíth. Ní gaiscíoch ach gluaiseacht atá ag teastáil.

Gluaiseacht mhór, fhairsing, a dhéanann nasc idir cúrsaí teanga agus cúrsaí sóisialta sa Ghaeltacht. Gluaiseacht ar nós gluaiseacht an Dream Dearg ó thuaidh, nó Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta san am a chuaigh thart. Gluaiseacht a éilíonn fostaíocht, infheistíocht, seirbhísí, bonneagair agus réiteach ar na ceisteanna uilig atá ag cur le bánú na tuaithe agus le bánú na Gaeltachta. Ach gluaiseacht a dhéanann amhlaidh agus riachtanais sainiúla teanga fite fuaite inti, riachtanais mar pholasaithe oideachais, tacaíocht do theaghlaigh, pleanáil teanga agus cosaint cead pleanála srl.

Seasann Pobal Seachas Brabús leis na hiarrachtaí ar fad todhchaí inbhuanaithe don Ghaeltacht a bhaint amach.