An Ghaeilge

Saol Trí Ghaeilge

Creideann an Pobal Seachas Brabús go bhfuil ceart bunúsach ag daoine a saol a chaitheamh trí mheán na Gaeilge.

Tá muid den bharúil gurb iad easpa cearta dlíthiúla agus easpa córasach acmhainní an dá chonstaic is bunúsaí atá romhainn i dtaca leis an mhian réasúnta sin, dhá chonstaic a eascraíonn as stair chóilíneach agus as córas caipitlíoch reatha na tíre. Agus go deimhin, measaimid gurb é an sóisialachas an t-aon chóras a bhfuil sé de chumas aige acmhainní agus cearta cuí a chur ar fáil do chách.

Dúshláin Ó Thuaidh

Tá sé cúig bliana i mbliana ó thit an Lá Dearg deireanach amach, buaicphointe fheachtas an Dream Dearg ó thuaidh. Ó shin rinneadh dul chun cinn mór ó thaobh na Gaeilge de, ach ag an am chéanna, tá rudaí áirithe nár athraigh ar chor ar bith.

Tá gach iarracht déanta ag an DUP go háirithe bac a chur le reachtaíocht Ghaeilge, in aineoinn gur shínigh siad suas dó i mí Eanáir 2020. Agus is den mhúnla chéanna leis an DUP atá rialtas na Breataine, nó in aineoinn gur thug siad gealltanas do phobal na Gaeilge reachtaíocht teanga a chur fríd Westminster, ní dhearna siad beart de réir a mbriathair. Is rógairí gan náire iad an scaifte i Sráid Downing.

Agus taobh leis an ardú i líon na gcainteoirí, tá an iliomad dúshlán le sárú go fóill. Tá brú millteanach ann ar earnáil an Ghaeloideachais, cuirtear constaicí rialta os comhair na comharthaíochta dátheangaí, déantar ionsaithe seicteacha ar an teanga go rí-rialta, agus tá baol leanúnach ann ciorruithe a chuir i bhfeidhm ar sheirbhísí óige Gaeilge.

Cosa Ar Na Sráideanna

Le blianta beaga anuas, d’éirigh le pobal na Gaeilge buanna suntasacha a bhaint amach de bharr ‘cosa ar na sráideanna’. Nuair a rinne polaiteoirí ó na páirtithe móra comhráite taobh thiar de dhoirse druidte, d’fhulaing an teanga.

Sa sampla is déanaí, ba bheart tubaisteach é nuair a rinne Sinn Féin socrú rúnda le Rialtas na Breataine leis an reachtaíocht teanga a chur i bhfeidhm. Tá an chumhacht ag Stormont Acht Gaeilge a chur i bhfeidhm agus tá teipthe orthu. Ní Rialtas na Breataine a dhéanfaidh muid a chosaint ar cheanndánacht an DUP – b’ionann an margadh sin agus aistriú ó theach an diabhail go teach an deamhain.

Anuas air sin, creideann Daoine Roimh Bhrabach nach leor í an reachtaíocht teanga atá molta. Teipeann uirthi sa ghné is lárnaí: ní reachtaíocht neamhspleách í. Is le gach duine an Ghaeilge, beag beann ar chúlra, féiniúlacht, nó dearcadh polaitiúil, agus ba scannal é go ndearnadh forálacha Gaeilge a nascadh leis an Ultais. Ba cheart agus ba chóir tacaíocht a chur ar fáil don Ultais, ach ar a bonn féin, agus mar atá ráite ag Comhairle na hEorpa, is é an toradh ar an nascadh idir an Ghaeilge agus an Ultais ná go ndéantar ceist sheicteach den bheirt acu. B’iarmhairt é an laige seo, i measc laigí eile ar nós easpa cumhachta an Choimisnéara Teanga mholta, ar idirbheartaíocht a bhí scartha ón ghluaiseacht.

Mar sin de, tá Daoine Roimh Bhrabach ríchinnte gurb iad gluaiseachtaí ón bhonn aníos, ar bhonn áitiúil agus ar bhonn uile-Éireann, an t-aon dóigh a mbainfear amach na hathruithe suntasacha a bhfuil géarghá leo.

Tá Níos Mó Feisirí Sóisialacha De Dhíth

Ach tá ról ríthábhachtach ag feisirí sóisialacha tofa. Thig leo ardán breise a thabhairt d’fheachtas, thig leo súil ghéar a choinneáil amach d’aon chluiche polaitiúil atá á imirt, agus thig leo brú a chur ar na páirtithe móra.

Is é sin atá déanta ag feisirí tofa s’againne ó thuaidh. In 2017, ba iad Daoine Roimh Bhrabach an t-aon pháirtí ó thuaidh a rinne líne dhearg d’Acht na Gaeilge roimh an toghchán féin. Agus i gcomhairle cathrach Bhéal Feirste, d’imir comhairleoirí s’againne ról lárnach i mbaint amach polasaithe sráidainmneacha níos forásaí, nó níor ghlac muid leis na leithscéalta ‘dlíthiúla’ a bhí ag cur eagla ar pháirtithe eile.

Seasfaidh gach comhalta a thoghfar go dlúth le pobal na Gaeilge. Seasfaidh muid suas in éadan bhiogóideacht an DUP sa chéad dul síos, agus fosta in éadan neamhghníomh na bpáirtithe sin a deir go bhfuil siad báúil leis an teanga.

Polasaithe

Is é ár mian agus déanfaidh Comhaltaí Tionóil Dhaoine Roimh Bhrabach troid ar son:

  • Acht Gaeilge neamhspleách:
    • a dhéanann teanga oifigiúil den Ghaeilge;
    • a chuireann dualgais reachtúla ar fhorais phoiblí ó thaobh na Gaeilge de, mar a dhéantar sa Bhreatain Bheag.
  • Cur i bhfeidhm Straitéis na Gaeilge a gealladh blianta fada ó shin, agus na hacmhainní cuí leis.
  • Tuilleadh maoinithe agus ardú stádais don Ghaeloideachas, lena n-áirítear:
    • Polasaí oideachais ar leith don Ghaeloideachas, a aithníonn gur earnáil í atá ag fás agus go bhfuil riachtanais ar leith aici de bharr gur mionteanga í an Ghaeilge;
    • Líon na múinteoirí a ardú;
    • Tuilleadh áiseanna foghlama a chur ar fáil;
    • Seirbhísí tacaíochta fá choinne riachtanais bhreise i gcás daoine óga i dtimpeallachtaí Gaeilge lena chinntiú go bhfaighidh siad an soláthar céanna is atá ar fáil i mBéarla.
  • Aitheantas ceart do sheirbhísí óige Gaeilge, le maoiniú seasta a dhéanann freastal ar fhás agus ar riachtanais ar leith na hearnála